Paidir na Marbh (#13844)

*Is í Paidir na Marbh an t-aon phaidir éigeantach Bhahá’í is gá a aithris i láthair cruinnithe. Tá an soiléiriú seo ar a haithris  tugtha ag  Bahá’u’lláh:  tá sé riachtanach go ndéarfar í roimh an adhlacadh féin; is ceart go n-aithriseodh creidmheach ina aonar í, agus gach éinne dá bhfuil i láthair seasta ina dtost; níl an phaidir ag teastáil ach sa chás go bhfuil an marbhán is cionn 15 bliana d’aois, ná  níl de cheangal  ar an bpobal aghaidh a thabhairt ar an Qiblih agus an phaidir á rá. 
*— The Kitáb-i-Aqdas lgh 169-70.
A Dhia liom! Seo é do sheirbhíseach agus mac do sheirbhísigh a chreid ionatsa agus i do chomharthaí, agus a thiontaigh a aghaidh chugat agus é scartha ón uile ní ach tú. Ar lucht déanta trócaire, go deimhin, is tú is trócairí.
Bí ag plé leis, a Dhia a mhaitheann peacaí na ndaoine agus a cheileann a lochtanna, mar is fearr le neamh d’fhéile agus le haigéan do ghrásta. Ceadaigh bheith istigh aige i gcríocha do thrócaire tarchéimniúla arbh ann di roimh bhunú neimhe agus talún. Níl Dia ar bith eile ann ach tú, an Síor-Mhaiteach, an Ró-Fhial.
 
 
 	 
 
*(Deirtear anois ‘Alláh-u-Abhá’ aon uair amháin, agus ina dhiaidh sin  déantar an chéad véarsa de na sé cinn a leanas a aithris naoi n-uaire déag. Ina dhiaidh sin deirtear ‘Alláh-u-Abhá’ arís, agus an dara véarsa acu sin á leanúint, agus é seo á  aithris naoi n-uaire déag mar an gcéanna, agus mar sin de.)
Is é Dia, go deimhin, a adhraimid go léir. (x 19) Alláh-u-Abhá 
I láthair Dé, go deimhin, a umhlaímid go léir. (x 19) Alláh-u-Abhá 
Ag Dia, go deimhin, atáimid inár leanúnaigh go léir.
(x 19)
Alláh-u-Abhá 
Do Dhia, go deimhin, a thugaimid go léir moladh. 
(x 19)
Alláh-u-Abhá 
Le Dia, go deimhin, a ghabhaimid go léir buíochas. 
(x 19)
Alláh-u-Abhá
As ucht Dé, go deimhin, déanaimid foighne go léir.
(x 19)
Alláh-u-Abhá
 
*(Sa chás gur bean atá sa mharbhán abraítear mar a leanas: Seo í do bhanseirbhíseach agus iníon do bhanseirbhísigh etc.)

-Bahá'u'lláh
-----------------------

